Bailte nasctha
Is éard atá i gceist le nascadh ná an chomhpháirtíocht cheart a aimsiú leis an mbaile ceart a bhfuil comhcheangail agat leis, cibé acu go stairiúil, go tráchtálach, go cultúrtha nó go geografach.
Baineann sé le pobail na gceantar seo agus tugann sé cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach agus foghlaim óna chéile. Is féidir le nascadh a bheith ina ndeiseanna iontacha le foghlaim, le léargas a fháil agus le fás ón gcomhpháirtíocht. Cuidíonn siad le naisc a fhorbairt agus a chothabháil agus cruthaíonn siad cairdeas láidir agus naisc dlúthpháirtíochta.
Tá Cill Chainnigh nasctha le 4 bhaile agus chathair, ón Eoraip agus SAM. Is ábhar speisialta dúinn muintir na bpobal seo agus cuirimid fáilte ó chroí rompu chuig ár gcathair. Fáiltímid go háirithe roimh ghrúpaí pobail nó eagraíochtaí ar bith ar mhaith leo cuairt a thabhairt ar ár bhFéile Phádraig nó páirt a ghlacadh in ár bhFéile Phádraig a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta gach bliain. Molaimid freisin do mhuintir Chill Chainnigh cuairt a thabhairt ar a mbailte áille.